Stephen King
Is scríbhneoir Meiriceánach é Stephen Edwin King (a rugadh ar an 21 Meán Fómhair 1947). Ba iad a chuid úrscéalta uafáis ba mhó a thabhaigh a chlú dó, agus ráchairt ar a shaothar ar fud an domhain. Chuaigh cuid mhaith acu ar an scáileán freisin.D'fhoilsigh King leathchéad d'úrscéalta, agus tháinig cuid acu i gcló an chéad uair faoin ainm cleite ''Richard Bachman'', chomh maith le cúig leabhar neamhfhicsin.
Scríobh sé beagnach dhá chéad gearrscéal, agus an chuid is mó acu conlaithe i naoi ndíolaim gearrfhicsin. Cuid mhór dá chuid scéalta tá a n-imeachtaí suite i stát Maine, arb as dó ó dhúchas. clé|mion|308x308px|2006 Arna chur ar fáil ag Vicipéid
-
1