Oscar Wilde

Ba dhrámadóir, úrscéalaí, scríbhneoir aistí agus file Éireannach é '''Oscar Fingal O'Flahertie Wills Wilde''' (16 Deireadh Fómhar 1854 - 30 Samhain 1900). I ndiaidh dó a bheith ag scríobh i roinnt slí éagsúla sna 1880idí, tháinig cáil air mar drámadóir i Londain sna 1890idí. Tá aithne ag daoine air de bharr a eipeagram, a úrscéal ''The Picture of Dorian Gray'' agus na drámaí a scríobh sé.

Ba é bua an ghoineadóra a thabhaigh a chlú dó, nó bhí sé ábalta an focal ceart a aimsiú gan teip. Mar a dúirt an té a dúirt: "Tá mé ag tagairt d'fhocail Oscar Wilde - mar a dhéanann cách".

Mar sin féin, tháinig drochdheireadh le saol Wilde. Chuaigh sé le homaighnéasachas, rud a raibh meas na mórchoire ag lucht a linne air, agus nuair a tháinig an scéal seo chun solais, ba é a chabhóg é. Chaith sé seal i bpríosún de dheasca na "mígheanmnaíochta tromchúisí" seo, agus fuair sé a shláinte scriosta ag filleadh chun saoirse dó. An cúpla bliain saoil a bhí fágtha aige, chaith sé faoi léan agus faoi dhímheas é. Arna chur ar fáil ag Vicipéid
1 - 2 toradh á dtaispeáint as 2 toradh san iomlán ar an gcuardach 'Wilde, Oscar', am iarratais: 0.01s Beachtaigh na torthaí
  1. 1
    de réir Wilde, Oscar
    Foilsithe / Cruthaithe 2003
    LEABHAR
  2. 2
    de réir Wilde, Oscar
    Foilsithe / Cruthaithe 2008
    LEABHAR